Bhíos ag léamh an tseachtain seo i Foinse go bhfuil scoil nua ag oscailt sa Mhí. Beidh Gaelscoil Rath Tó ag oscailt ar an 30 Lúnasa 2010 agus bhí oíche ceiliúradh acu chun é a fhógairt. Faic ró-spéisiúil faoi seo a deir tú? Ach mar is eol d’éinne a lean an feachtas seo, níl aon aitheantas faighte acu go dtí seo ón Rialtas.
Arís, an bhfuil aon rud aisteach faoi seo? Bhuel níl. Ach amháin gur fhógair an Rialtas i 2009 go mbeadh scoil de dhíth ar Ráth Tó…agus ansin dúradar i Feabhra 2010 ná beadh scoil de dhíth ar Ráth Tó! D’fhág sé seo lucht na Gaelscoile i bonc.
Ach faoi stiúr daoine ar nós Seán Ó Buachalla (níl aon ghaol agam leis!) agus Anita Sheppard cuireadh feachtas i bhfeidhm agus dá thoradh san, beidh Gaelscoil Ráth Tó ag oscailt i mí Lúnasa…gan nó le tacaíocht an Rialtais…agus go néirí leo.
Agus mé ag léamh an scéal úd, rith smaoineamh liom…cá mbeadh Gaelscoileanna (agus Meánscoileann) sa lá ata inniu ann gan tuismitheoirí agus daoine láidre ar nós iad siúd atá ar Choiste Ráth Tó? Gaelscoil Chorca Dhuibhne? Scoil Lorcáin i mBaile na Manach? Gaelscoil Bharra i gCabrach? Coláiste Eoin i Stigh Lorgan? An mbeadh siad ann fiú. N’fheadar.
Tréaslaím leo as ucht a gcuid iarracht agus guím gach rath orthu. In aineoinn go gcuireann sé isteach orm a bheith ag guí rath ar mhuintir na Mí!




